Cad Is Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil Ann?
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Saothaɼ íntleachtúil
Aicime scríbhneoireachta foirmeáltha is ea í.
Úsáideann an t‑údar í chun abhar éigint íntleachtúil a chíoradh de réir straitéis atá neamhchlaonta, críochnúil agus léannta.
Tá sí préamhaithe i léann an abhair:
- Cuid den dioscúrsa acadúil i gcoitinne is ea í.
- Bíonn inti raidhse tagairtí soiléara do scríbhneoireacht acadúil eile ar an abhar céanna.
Léiríonn sí smaointeoireacht chriticiúil.
Tá bunús láidir íntleachtúil ag gach ráiteas.
Léiríonn sí argóintí láidre, macánta íntleachtúla, a chuireann ina luí ar an léitheoir go bhfuil an mhéid atá ráite inti cruínn agus ceart.
Ní le achoimire ná tráchtaireacht pearsanta ná spalpadh tuairimí a bhaineann sí ach le cíoradh ceisteanna íntleachtúla ⁊ cur chun tosaigh hipitéisí.
Físeáin le Taɼa Bɼabazon
Féach ar What is Academic Writing? ar YouTube.
Féach ar Quick Fixes to Improve Your Academic Writing ar YouTube.
NB: Ar dhaoine ’tá i mbun PhD is ea a bhíonn físeáin Tara dírithe.
Is éagsúil iad cuid des na cleachtais atá ina gort súd ó chleachtais atá i ngoirt acadúla eile.
Mar sin féin, tá comhairle mhaith aici a chabhroidh leo súd athá ag saothrú ag leibhéil na bun- agus na hiar-chéime.
Is fiú go muar aga beag a chaitheamh leis an dá bhfíseán so.