Cad Nách Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil Ann?

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

Aon ɼud nách saothaɼ íntleachtúil é!

Ní hiriseoireacht í.

tráchtaireacht phearsanta í.

Ní sruth tuairimí pearsanta í.

sruth smaointeachais í.

Ní deis í seanamóir a thabhairt.

Ní deis í racht a leogaint.

Ní hachoimire neamh-ainilísiúil, neamh-chriticiúil, neamh-thomhsta ar an abhar í.

Saothaɼ ⁊ dua

Obair is ea saothar — ach gur obair í go bhfuil dua ag baint léi.

‘Tá sí ag saothrú a céime’ — she is studying for her degree.

‘Shaoraíodar a bpá’ — they earned their pay.

‘Saorú na deocrachta’ — working the problem.

‘Tadhg athá ag saorú feirm na muíntire’ — It’s Tadhg that’s working the family farm.

‘Ta sé ag saothrú a bháis’ — he’s dying and it’s not an easy death.

‘Chuir sé de dhua air féin é a dhéanamh ceart’ – he took pains to do it right.

‘Le dua is ea a deineadh é’ – it wasn’t easy.

‘Ní gan dua a cuireadh duine ar an nGeallach’ – they didn’t put a man on the Moon without putting the work in.