Saghasanna Cáipeasaí Acadúla
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
A scɼíodh mic- ⁊ iníonacha léinn ’tá i mbun dioplóma, bunchéme, iaɼchéime nú dochtúiɼeachta
- Aiste
- Píosa scríbhneoireachta gearr ar abhar éigint sonrach.
- Píosa a scríobhann mic- agus iníonacha léinn mar obair cúrsa go háirithe.
- Miontráchtas
- Píosa scríbhneoireachta meánfhaid ar abhar éigint sonrach.
- Déanann sé cur síos ar shaothar nú ar thaighde léannta a dhein an t‑údar ar an abhar san.
- Mar chuid de staidéar acadúil in ollscoil éigint is ea a scrítar miontráchtas de ghnáth.
- Nuair is céim mháistreachta nú céim dochtúra mhúinte atá ar bun ag an mac- nú ag an iníon léinn, níl sa mhiontráchtas ach gné dá gcuid obair cúrsa.
- Bíonn scrúduithe eile le déanamh acu leis.
- Tráchtas
- Píosa scríbhneoireachta fada ar abhar éigint sonrach.
- Déanann sé cur síos ar shaothar nú ar thaighde léannta a dhein an t‑údar ar an abhar san.
- Mar chuid de staidéar acadúil in ollscoil éigint is ea a scrítar tráchtas de ghnáth.
- De ghnáth, tráchtas iomlán an t‑aon phíosa oibire a bhíonn le tabhairt isteac ag mac- nú iníon léinn d’fhonn céim mháistreachta nú céim dochtúra trí thaighde a bhaint amach.
- Ní bhíonn aon scrúdú eile le déanamh acu ach i gcás céimeanna dochtúra, nuair a bhíonn bíonn viva voce (VY-va VOE-tchee) le suí.
- Agallamh le saineolaithe acadúla sa ghort is ea an viva.
- Déanann na saineolaithe seo an tráchtas a chíoradh, d’fhonn laigí a aimsiú i léann an tsaothair / an taighde.
- Ní foláir don mac / iníon léinn a gcuid oibire a chosaint ar an gcíoradh so.
- Mara féidir leis an mac / iníon léinn a gcuid oibire a chosaint go sásúil, ní bhronnfar an chéim orthu.
A scɼíodh éinne ’tá ag saothɼú i ngoɼt an léinn
- Alth (irisleabhair)*
- Píosa scríbhneoireachta gearr ar abhar éigint sonrach.
- Scríofa lena fhoíllsiú in irisleabhar léinn.
- Pápéar (comhdhála)
- Píosa scríbhneoireachta gearr ar abhar éigint sonrach.
- Saineolaí ar an abhar san is ea a scrígh, mar chúntas ar thaighde éigint a dheineadar.
- Léitar (‘tugtar’) páipéir os ard ag comhdhálacha acadúla, os comhar lucht éistachta de shaineolaithe eile atá ag saothrú sa ghort acadúil céanna.
- Is minic a bhíonn aga 20 neomat ag gach údar a bpáipéar a léamh agus aga 10 neomat acu ina dhiaidh san d’fhonn ceisteanna ina thaobh a fhreagairt.
- Monaghraf
- Alth fada nú leabhar gearr ar abhar éigint sonrach.
- Caibidil (leabhair)
- Rannóg de leabhar acadúil / léinn ar abhar éigint sonrach.
- Baineann gach caibidil den leabhar le gné ar leith den abhar san.
- I saol an léinn, is minic a thagann mitheal údar le chéile, fé stiúir eagarthóra(í), chun leabhar a scrí. Scríonn gach éinne acu caibidil de.
- Leabhar
- An gá sainmhíniú a thabhairt?
*Irisleabhair phiar-athbhreithnithe na hirisleabhair is mó meas sa saol acadúil.
- Ní ghlacaid le haon alth go léann coiste athbhreithnithe (do chuid piaraí léinn) é.
- Caithfidh siad‑san a bheith sásta go bhfuil caighdeán acadúil an ailth sásúil.