Lean an Tɼeoiɼ
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Imiɼ an cluiche
An dteastaíonn márcanna maithe uait id chuid scrúduithe?
- Ní imreofá rugbaí, is tú páirteach i gcluiche sacair. Ní bheadh dá thoradh san ach carta dearg.
- Ní úsáidfá cung fú, is tú sa chró dornálaíochta. Ní bheadh dá thoradh san ach dícháiliú.
- Ní scrífá úrscéal scéinséir aicsin, is tú ag scrí do Mhills and Boon. Ní bheadh dá thoradh san ach duillín diúlthaithe.
- Ní cheannófá burgar d’fheoilséantóir. Ní bheadh — airiú, tuigeann tú an poínte!
Imiɼ cluiche pháiɼc an léinn
Is féidir na rialacha a lúbadh — ar uairibh ⁊ go poínte.
Ach ní féidir iad a bhriseadh. Ní foláir doit teacht leis sin.
Agus tú ag scrí abhair acadúil, ní mór duit abhar acadúil a scrí!
Ní mór an treoir (sa chiall instructions) a tugadh doit a leanúint.
Ní mór doit na rialacha a leanúint.
Ní mór doit an cluiche a imirt.
Mara ndéanann tú amhlaidh, ní bheidh dá thoradh ach márcanna ísle agus scrúduithe teipithe.