An Spɼioc-lucht Léitheoiɼeachta
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Cé dá bhfuilim ag scɼí?
Airiú, brathann soin ar cad ’tá agat á scrí!
Ag scɼí aiste, tɼáchtais nú mion-tɼáchtais is ea atháim, maɼ chuid de chláɼ dioplóma nú céime
Tánn tú a’ scrí:
- Do d’ léachtóir nú do d’ stiúirtheoir, a bheidh a’ márcáil do chuid oibire.
- Don tarna léitheoir, a mbeidh focal acu i dtaobh na márcanna.
- Don scrúdaitheoir seachtarach, a mbeidh an focal deiridh acu ina dtaobh.
Beidh siad so go léir ag súil le mianach acadúil d’fhiscint ins an méid a scríonn tú.
Ní mór an treoir (sa chiall instructions) a tugadh doit a leanúint.
’Sé sin, treoir do léachtóra mar leis an aiste, leis an dtráchtas nú pé rud.
Má tugadh rúibric doit, léigh go cúramach í agus bí a’ scrí dá réir.
Ag scɼí ailth, caibidle nú leabhaiɼ is ea atháim, d’fhoíllsitheoiɼ acadúil
Tánn tú a’ scrí:
- Do t’ eagarthóir(í), go bhfuil sé d’údarás acu do chuid oibire a dhiúlthú.
- Don gcoiste athbhreithnithe, i gcás foíllseachán piar athbhreithnithe.
- Don bhfoíllsitheoir, a dhíolann na billí.
- Agus don ghnáth-léitheoir, gan dabht.
’Sea, beidh siad so ag súil le mianach acadúil d’fhiscint ins an méid a scríonn tú leis.
Ní mór doit na rialacha a leanúint.
Ní mór doit an cluiche a imirt.
Mara ndéanann tú amhlaidh ⁊ɼl…