Stíleanna Tí
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
An tslí a déantaɼ anso é
Is gnách stíl tí ag tithe foíllsitheoireachta.
Oireann d’fhoireann eagarthóireachta an tí go mbeadh rialthacht ag baint le gach foíllseachán dá gcuid.
Baineann an rialthacht so le foíllseacháin ar leithligh ar uairibh.
Agus ar uairibh, baineann sí lena gcuid foíllseachán trí chéile.
Agus, minic a dhóthain, ní le rialthacht a bhaineann gnéithe de stíl tí in aon chor — ach le roghanna pearsanta an eagarthóra!
- Ná scrígh níos sia (cé go bhfuil sé caighdeánach ⁊ cruínn), scrígh níos faide.
- Ná scrígh shut (cé go bhfuil sé litrithe i gceart ⁊ oiriúnach le húsáid), scrígh close.
- Ná habair fosta (cé go bhfuil sé caighdeánach ⁊ cruínn), abair freisin.
- Ná glaoigh monitor ná display air (cé gur téarmaí seana-bhunaithe iad, a aithnítar go comónta) ach screen.
- ⁊ɼl…
Stíl-bhileoga
Cuirtar stíl tí ar fáil i riocht cáipéise go nglaotar stílbhileog uirthi.
Stíleanna tí sa saol acadúil
Bíonn saghas áirithe stíleanna tí ag ranna ollscoile — cé nách stíleanna tí a ghlaotar orthu de ghnáth.
Treoir scríbhneoireachta nú a lithéid is ea a ghlaotar orthu.
Bainid siad le scrí aistí, mion-tráchtas ⁊ tráchtas in MS Word, LibreOffice, Scrivener, Google Docs ⁊ɼl…
Tugaid siad treoir don mac- nú don iníon léinn i dtaobh rudaí ar nós:
- An cló ’tá le húsáid. (Times New Roman, Arial, Calibrí…)
- Spásáil na línte. (1.5, 2.0…)
- A bhfuil le cur sa bhrollach. (Séanadh, baochas, aitheantas…)
- Scrí síos uimhreacha. (3 rud ach trí rud déag…)
- ⁊ɼl…
Is minic a thugtar treoir i dtaobh cuid des na nithe thíosluaite leis
Tɼeoiɼ scɼíbhneoiɼeachta
Bí deimhnitheach siúráltha dhe gur chuir an roinn lena bhfuilnn tú ag staidéar treoir scríbhneoireachta ar fáil dá cuid dalthaí.
Faigh cóip di agus cloígh léi.
Stíleanna tí i ngoɼt na foíllsitheoiɼeachta léinn
Baineann tithe foíllsitheoireachta léinn úsáid tréan à stíleanna tí
Rialaíonn a gcuid stíleanna tí nithe ar nós:
- Úsáid nótaí bun-leathanaigh, iar-nótaí
- Úsáid ceannlitreacha
- Úsáid giorrúcan (it’s nú it is,wouldn’t nú would not ⁊ɼl…)
- Úsáid fleiscíní, daiseanna‑en, daiseanna‑em ⁊ɼl…
- Litriú:
- Béarla Shasana nú Béarla Mheirice
- Fraincis na Fraince nú Fraincis Chanada
- ⁊ɼl…
- Laistigh de Bhéarla Shasana:
- an deire —ise nú an deire —ize
- cognisant nú cognizant
- ⁊ɼl…
- Foclóir:
- fosta, leis nú freisin
- tickbox nú checkbox
- ⁊ɼl…
- Formáidiú dátaí:
- 01/04/2023
- 1st April 2023
- ⁊ɼl…
- An córas tagartha:
- Harvard
- APA
- ⁊ɼl…
Scɼíbhneoiɼeacht ghaiɼmiúil
Is tú ag scrí d’fhoíllsitheaoir d’aon tsaghas, faigh cóip dá stílbhileog.
Cloígh léi.