Smaointeoiɼeacht Chɼiticiúil

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

Id cheann is ea ’tá sé

Ní féidir dul i mbun pínn acadúil mara bhfuil agat meon acadúil.

Ní foláir duit smaointeoireacht acadúil a fhorbairt ionat féinig, ⁊ í a ghnáthú nuair a bhíonn tú i mbun aon obair acadúil.

Tɼéithe den smaointeoiɼeacht acadúil

Críochnúileacht
Cur chuige i leith oibire, atá mion-sonraithe, cúramach ⁊ iomlán.
Beaichte
Cur chuige i leith oibire, a dheimhníonn go mbeidh gach gné de thoradh na hoibire sin ceart ⁊ cruínn ar gach slí…
…is cuma cé chomh mion-sonraithe, cúramach ⁊ iomlán is gá don obair sin a bheith ionas go mbeidh soin amhlaidh.
Neamhchlaontacht
A bheith neodarach, cóir ⁊ ceart.

Ná bí mí-chúramach, leisciúil, sleamchúiseach, tuathalachciotach id chuid scríbhneoireachta acadúil.

Easpa cɼíochnúileachta

Bhuaigh Doins an toghchán le formhór na vótaí.

Bhuaigh Doins an toghchán le 87% den vóta.

Easpa beaichte

Scríodh Tadhg Ó Rodaí do Tuairisc, Foinse agus Seachtain. Scríodh sé do na páipéir freisin.

Scríodh Tadhg Ó Rodaí do nuachtáin Gaelainne ar nós Tuairisc, Foinse agus Seachtain, agus do nuachtáin Béarla.

Claontacht

Tá mé ar buille faoin chaoi a chaitear leis an míol mór agus tá mise le rud éigean a dhéanamh faoi.

Léiríonn corpas mór taighde — Butler (1976), Blake (1974), Harper (1972) ⁊ eile — go bhfuil an míol mór i mbaol a dhíothaithe de dheascaibh gníomhaíocht an chine daonna. Spreag an fianaise sin mé an taighde seo a dhéanamh, le dóchas go dtabharfaidh sé armlón íntleachtúil don bhfeachtas chun é a shábháil ar an ndíothú sin.

Sleamchúis

Bhuaigh Tadhg an toghchán le formhór na vótaí — Tadhg:45%, Taidgín:35%, Domhnall:20%.

Bhuaigh Tadhg an toghchán leis an vóta singil ba mhó — Tadhg:45%, Taidgín:35%, Domhnall:20%.

[Do bhí tromlach de 10% ag an iomaíocht trí chéile.]