Smaointeoiɼeacht Chɼiticiúil
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Id cheann is ea ’tá sé
Ní féidir dul i mbun pínn acadúil mara bhfuil agat meon acadúil.
Ní foláir duit smaointeoireacht acadúil a fhorbairt ionat féinig, ⁊ í a ghnáthú nuair a bhíonn tú i mbun aon obair acadúil.
Tɼéithe den smaointeoiɼeacht acadúil
- Críochnúileacht
- Cur chuige i leith oibire, atá mion-sonraithe, cúramach ⁊ iomlán.
- Beaichte
- Cur chuige i leith oibire, a dheimhníonn go mbeidh gach gné de thoradh na hoibire sin ceart ⁊ cruínn ar gach slí…
- …is cuma cé chomh mion-sonraithe, cúramach ⁊ iomlán is gá don obair sin a bheith ionas go mbeidh soin amhlaidh.
- Neamhchlaontacht
- A bheith neodarach, cóir ⁊ ceart.
Ná bí mí-chúramach, leisciúil, sleamchúiseach, tuathalach ná ciotach id chuid scríbhneoireachta acadúil.
Easpa cɼíochnúileachta
✘ Bhuaigh Doins an toghchán le formhór na vótaí.
✔ Bhuaigh Doins an toghchán le 87% den vóta.
Easpa beaichte
✘ Scríodh Tadhg Ó Rodaí do Tuairisc, Foinse agus Seachtain. Scríodh sé do na páipéir freisin.
✔ Scríodh Tadhg Ó Rodaí do nuachtáin Gaelainne ar nós Tuairisc, Foinse agus Seachtain, agus do nuachtáin Béarla.
Claontacht
✘ Tá mé ar buille faoin chaoi a chaitear leis an míol mór agus tá mise le rud éigean a dhéanamh faoi.
✔ Léiríonn corpas mór taighde — Butler (1976), Blake (1974), Harper (1972) ⁊ eile — go bhfuil an míol mór i mbaol a dhíothaithe de dheascaibh gníomhaíocht an chine daonna. Spreag an fianaise sin mé an taighde seo a dhéanamh, le dóchas go dtabharfaidh sé armlón íntleachtúil don bhfeachtas chun é a shábháil ar an ndíothú sin.
Sleamchúis
✘ Bhuaigh Tadhg an toghchán le formhór na vótaí — Tadhg:45%, Taidgín:35%, Domhnall:20%.
✔ Bhuaigh Tadhg an toghchán leis an vóta singil ba mhó — Tadhg:45%, Taidgín:35%, Domhnall:20%.
[Do bhí tromlach de 10% ag an iomaíocht trí chéile.]