Doxa ⁊ Eipistéim

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

ní haon dochair ábhairín íntleachtúlachais don mac- nu don iníon léinn

“léann” ;-)

Doxa

Eolas ‘is eol do gach éinne’ is ea doxa.

Eolas ‘a chreidtar’.

Eolas go ndéantar talamh slán de.

D’fhéadfadh sé a bheith cruínn nú mí-chruínn.

  • “Is fearrde cait bainne”
  • “Cuireann tomhaisín branda teas ionat”
  • “Seán Connery an chéad James Bond”
  • “Tá an Domhan cothrom”

Ní bhaineann mórán luacha acadúil le doxa.

Eipistéim

Eolas cinnte, ‘crua’ is ea episteme.

Do tástáladh é.

Tá cruthúnachas ann ina thaobh.

  • 186,282 míle sa tsoicind luas an tsolais
  • Leagadh buamaí adamhacha ar Hiroshima is Nagasaki
  • 1+1=2
  • Tá an Domhan cruínn

Tá ana-luach acadúil ag baint le heipistém.