a pɼioɼia posteɼioɼi

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

ní haon dochair ábhairín íntleachtúlachais don mac- nu don iníon léinn

“léann” ;-)

Eolas a pɼioɼi

(AE  pry-OR-eye)

Eolas gur féidir é a dhéanamh amach gan taithí, tástáil nú breathnóireacht (deductive knowledge).

  • Tá cipín cuimhne agam.
  • Tá tiolleadh 64GB ann.
  • Tá comhad de mhéid 54GB agam.
  • Tá ’ fhios agam, gan é ’ thástáil, gur féidir an comhad soin a shábháil ar an gcipín.

Ní bhaineann mórán luach acadúil le heolas a priori.

Eolas a posteɼioɼi

(AE  poss-terry-OR-eye)

Eolas nách féidir é a dhéanamh amach gan taithí, tástáil nú breathnóireacht (inductive knowledge).

  • Tá cipín cuimhne agam.
  • Ní fheadar caid é an toilleadh ’tá ann.
  • Tá comhad de mhéid 54GB agam.
  • Ní fheadar, go mbaine me triail as, an féidir an comhad soin a shábháil ar an gcipín.

Tá luach acadúil ag baint le heolas a posteriori.

Tuilleadh léitheoiɼeachta aɼ eolas

Dein tuilleadh léitheoireachta, más mian leat:

  • Nous (NOW-ss)
  • Techne (tech-NEE)
  • Sophia (suff-EE-a)
  • Phronesis (frun-EE-sis)