a pɼioɼi ⁊ a posteɼioɼi
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
ní haon dochair ábhairín íntleachtúlachais don mac- nu don iníon léinn
“léann” ;-)
Eolas a pɼioɼi
(AE pry-OR-eye)
Eolas gur féidir é a dhéanamh amach gan taithí, tástáil nú breathnóireacht (deductive knowledge).
- Tá cipín cuimhne agam.
- Tá tiolleadh 64GB ann.
- Tá comhad de mhéid 54GB agam.
- Tá ’ fhios agam, gan é ’ thástáil, gur féidir an comhad soin a shábháil ar an gcipín.
Ní bhaineann mórán luach acadúil le heolas a priori.
Eolas a posteɼioɼi
(AE poss-terry-OR-eye)
Eolas nách féidir é a dhéanamh amach gan taithí, tástáil nú breathnóireacht (inductive knowledge).
- Tá cipín cuimhne agam.
- Ní fheadar caid é an toilleadh ’tá ann.
- Tá comhad de mhéid 54GB agam.
- Ní fheadar, go mbaine me triail as, an féidir an comhad soin a shábháil ar an gcipín.
Tá luach acadúil ag baint le heolas a posteriori.
Tuilleadh léitheoiɼeachta aɼ eolas
Dein tuilleadh léitheoireachta, más mian leat:
- Nous (NOW-ss)
- Techne (tech-NEE)
- Sophia (suff-EE-a)
- Phronesis (frun-EE-sis)