Réim Teangan
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Sainmhínithe um ɼéim teangan
- Réim teangan
- Stíl áirithe teangan, gramadaí agus foclóra a úsáidtar i suíomhanna / i gcásanna ar leith.
- Ton teangan
- An mianach / meon ginearáltha atá i dteangain dhaonna.
Samplaí fíoɼ-dhomhanda de ɼéim teangan labhaɼtha
Tá ana-chuid réimeanna ag baint le teangain labhartha.
Cuir i gcás an tslí go labhrann tú:
- Led thuismitheoirí.
- Led sheana-thuismitheoirí.
- Le do chuid cairde.
- Le do chuid cairde, is sibh i dtigh a’ tabhairne nú i gclub oíche.
- Le do chuid cairde, is tú sa bhaile, os comhair do thuismitheoirí ⁊ do sheana-thuismitheoirí.
- Le páistí óga.
- Le fostóir, dá mbeifá ag suí agallaimh i gcomhair poist.
- Le Garda, dá stopfadh sé thu.
Réim teangan na scɼíbhneoiɼeachta acadúil
Tá a réim féinig ag an scríbhneoireacht acaduil.
Is éagsúil í ó réimeanna foirmeáltha eile — an iriseoireacht, neamh-fhicsean agus mar sin de…
An tslí is fearr chun í a mhíniú ná samplaí dhi a thabhairt.
Sliocht à Nodaiɼeacht Theangeolaíoch i WoɼdPɼess
Sampla i nGaelainn, le Míċeál Ó Loċlainn.
In An Réiviú 2017 a céadfoíllíodh.
Sa lá atá inniu ann, is gnáthach go mbaintar úsáid à córacha ar líne, ar a nglaotar córais bainistíochta inneachair (CMSanna), chun láithreán gréasáin a chur suas agus a riaradh. Um an dtaca so, tosach 2017, meastar (W3Techs, gan dáta) gurb é WordPress an CMS is mó úsáid ar an nGréasán (58.4%) agus go bhfuil 27.3% de láithreáin ghréasáin trí chéile bunaithe air. Cé gur féidir láithreán fónta a bhunú ar ásca lom WordPress, is féidir i bhfad níos mó a bhaint amach ach a fheidhm a leathnú le breiseáin. Mír bhreise bogearra is ea breiseán, a chuireann sainfheidhm éigint leis an bpríomhbhogearra.
Tá breiseán darb ainm Músgraí WYSIWYM WP cumtha agam féin d’fhúnn feidhm shéimeantach a chur le WordPress, á chur ar a chumas brí shonrach shéimeantach a leabú, go leictreonach, sa téacs a scrítar i leathanaigh ghréasáin dá chuid. Is féidir tairbhe a bhaint as an márcáil leictreonach a iúmpraíonn an bhrí seo chun cur i láthair an téacsa, idir fhísiúil agus neamhfhísiúil, a riaradh ar búnn struchtúrtha, is an struchtúr sin comhbhainteach leis an mbrí.
Breiseán modúlach is ea Músgraí WYSIWYM WP. Is féidir feidhm shéimeantach a bhaineann le haon tsainfhearann a chur leis ach an modúl cuí a chumadh. Tá modúl fíorbhunúsach teangeolaíochta agam scríofa cheana féin ach ní chuireann sé seo le comhéadan WordPress ach mám bheag cnaipí chun an schwa is ceannlitir bheag I Laidine (i gcomhair eipintéise ⁊ an ghuta neodraigh) agus cúpla carachtar eile a iúntráil sa téacs.
Tugann an páipéar so léargas ar shíneadh amach mhodúil theangeolaígh go bhfuil feidhm níos leithne aige, is a chuireann ar fáil don úsáideoir cnaipí chun réimse fairsing carachtar nodaireachta teangeolaíocha a iúntráil sa téacs. Carachtair aitheanta de chuid cleachtas aitheanta nodaireachta is ea iad so go léir, agus iad scríofa do réir caighdeán aitheanta teicniúil.
…
Tagairtí
W3techs (gan dáta) Usage of content management systems for websites. Le fáil ag https://w3techs.com/technologies/overview/content_management/all/ (Sroiste 10 Eanáir 2017].
Sliocht à Músgɼaí WYSIWYM WP: A Simple Plug-in to Add Semantically Meaningful Functionality to the Gɼaphical Editoɼ of the WoɼdPɼess CMS, with Emphasis on Digitally Aɼchiving Iɼish and Scottish Gaelic Texts
Sampla i mBéarla, le Míċeál Ó Loċlainn.
In New Review of Information Networking 2015 a céadfoíllíodh.
This module provides an hierarchical dropdown with options that structure content, at block- and line level, using semantically meaningful, standards-compliant markup that has been verified using the World Wide Web Consortium’s online validators.
First-order options are ‘italicised’ (
<i>
tag), ‘marked’, ‘emphasised’, ‘important’, ‘quoted’, ‘emboldened’ (<b>
tag), ‘cited’, ‘one-line paragraph’, ‘superscript’, ‘subscript’, and ‘document section’.Second-order options are more semantically specific. I shall not list them all here but will provide illustrative examples.
Unqualified italicized text is defined as being
in an alternate voice or mood, or otherwise offset from the normal prose … indicating a different quality of text(Web Hypertext Application Technology Working Group, 2015). The first-order option marks it as such, with a plain<i>
tag. However, this offset can more specifically indicate taxonomic designations, transliteration, thoughts, and so forth (Web Hypertext Application Technology Working Group, 2015). These are available as second-order options, qualifying the tag with class attributes such as<i class="sonrú-tacsanomaíoch">
and<i class="cuimhneamh">
.Similarly, the
<cite>
tag specifiesa reference to a creative work(World Wide Web Consortium, 2015). The first-order option applies this tag unqualified but second-order options provide greater specificity: songs (<cite class="amhrán">
), poems (<cite class="dán">
), and so forth.…
Tagairtí
The Web Hypertext Application Technology Working Group (2015) HTML The Living Standard. Ar líne: https://html.spec.whatwg.org/multipage/semantics.html.
World Wide Web Consortium (2015) HTML The Living Standard. Ar líne: http://www.w3.org/html/wg/drafts/html/master/semantics.html.
Oɼt‑sa ’tá an uain anois
Níl sa dá shliocht thuas ach samplaí de pháipéir a scríos féin.
Táid siad éadrom go leor mar abhar léinn.
Níl iontu ach tús tosaigh.
Caithfidh tú tuille léitheoireachta a dheanamh.
Caithfidh tú peannaireacht neart údar eile ’ léadh.
Caithfidh tú abhar atá níos deocra a aimsiú.
Is ansoin, caithfidh tú dul i mbun pínn.