Leaganacha comónta sa scɼíbhneoiɼeacht acadúil

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

Samplaí pɼaiticiúla de leaganacha comónta

Baintar neart úsáide as na foirmeacha seo ’ leanas sa scríbhneoireacht acadúil.

NB: Tugtar fé ndeara an bhéim atá ar an aimsir ghnáthláithreach.

Sa phɼíomh-théacs

Dár le…
Dár le Butler (1976), ní féidir capall ráis a dhéanamh d’asal.
Dár le Butler (1976), tá an Domhan cothrom.
Duart Butler rud éigint.
Níor ghá go measaim go raibh sé ceart.
Níor ghá go measaim go raibh sé mí‑cheart ach an oiread.
According to Butler (1976)…
De réir…
De réir Butler (1976), shocraíos ar cheistneoir a scaipeadh ar mo chuid faisnéiseoirí.
De réir Butler (1976), níor phróiseálas na sonraí a bailíodh ó fhaisnéiseoirí fir.
Duart nú dhein Butler rud éigint agus táim‑se chun rud éigint a rá nú a dhéanamh dá réir sin.
Glacaim leis go raibh pé rud a duart nú a dhein sé ceart.
Following Butler (1976)…
Luann…
Luann Butler (1976) díogras na dtiománaithe (Harper, 1972).
Mar sin féin, luann sé “an cheist nár freagraíodh” (Blake, 1974 p.23).
Butler (1976) mentions…
Pléann…
I gCaibidil 3, pléann Butler (1976) forbairt na teilifíse daití i Sasana sna 1970dí.
Pléann Butler (1976) gnéithe áirithe de chaighdeán D2‑MAC.
Butler (1976) discusses…
Cíorann…
Cé go n‑aontaíonn sé leo, cíorann Butler (1976) conclúidí Harper (1972) agus Blake (1974).
Cíorann Butler (1976) na freagraí a thug a chuid faisnéiseoirí.
Butler (1976) (minutely) examines…
Deir…
Mar chonchlúid, deir Butler (1976) go bhfuil tuilleadh taighde le déanamh.
Ní hé a chreideann Butler (1976), a deir go…
Butler (1976) states…
Maíonn…
Maíonn Butler (1976 pp.78–82) go bhfuil dul amú ar Harper (1972) nuair a mhaigh seisean gur…
Maíonn Butler (1976) go nduaradh leis i modh rúin gur…
Butler (1976) claims…
Léiríonn…
Léiríonn Butler (1976 p.183) an feiniméan i measc a chuid‑se faisnéiseoirí.
Léiríonn Butler (1976) gur féidir an deacracht a shárú ach úsáid a bhaint as Teicníc LT2 (harper, 1972).
Butler (1976) shows/demonstrates…
Cruthnaíonn…
Cuireann Butler (1976) roimis a chruthnú go raibh caighdeán D2‑MAC in úsáid i mbliain a 1991.
Cruthnaíonn Butler (1976) go bhfuil locht bheag ar shonraí uimhriúla Harper (1972).
Butler (1976) proves…
Aontaíonn…
Aontaíonn Butler (1976) le Blake (1974) sa chás so.
Aontaíonn Butler (1976) agus Harper (1972) le chéile.
Butler (1976) agrees…
Easaontaíonn…
Easaontaíonn Butler (1976) le Blake (1974) sa chás so.
Is rí‑léir go n‑easaontaíonn Butler (1976) leis gur baineadh mí‑úsáid as caighdeán D2‑MAC.
Butler (1976) disagrees…
Tacaíonn…
Tacaíonn Butler (1976) le conclúidí Harper (1972).
Tacaíonn Butler (1976) le mórphoíntí Harper (1972) cé go léiríonn sé amhras i dtaobh “modheolaíocht na luascán ⁊ na tdímpeallán” (Harper, 1972 p.92).
Butler (1976) supports…
Treisíonn…
Treisíonn Butler (1976) le conclúidí Harper (1972).
Treisíonn Butler (1976) le mórphoíntí Harper (1972).
Butler (1976) supports…
Bréagnaíonn…
Bréagnaíonn Butler (1976) conclúidí Harper (1972).
Agus dianchíoradh aige déanta orthu, bréagnaíonn Butler (1976) mórphoíntí Harper (1972) go doicheallach.
Butler (1976) refutes…
Tá leagan eile ag…
Tá leagan eile ag Butler (1976) ar thorthaí Harper (1972).
Fós féin, tá leagan eile ag Butler (1976) ar na sonraí.
Butler (1976) has an alternative reading/interpretation…
Tá léargas eile ag…
Tá léargas eile ag Butler (1976) ar shonraí amha Harper (1972).
Tugann Butler (1976) léargas eile ar an bhfreagra dhúinn.
Butler (1976) has another insight…
Tá míniú eile ag…
Tá míniú eile ag Butler (1976) ar thorthaí Harper (1972).
Tugann Butler (1976) míniú eile ar an bhfrithchosúlacht.
Butler (1976) has a different explanation…
Cuimsítear an fhaisnéis go léir in…
Cuimsítear an fhaisnéis go léir in Blake (1974).
Dár le Blake (1974), cuimsítear an fhaisnéis go léir in Harper (1972).
The information is included in its entirety in…

Abhaɼ a ceadaíodh — an liosta tagaɼtha

Blake, C. (1974) Frustration Tolerance. Luxton:District Press.

Butler, S. (1976) Token-based Out-of-hours Cash Distribution. London:Thomas Tilling.

Harper, J. (1972) On the Shop Floor. Braintree:Diversion Publishing.