Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil ⁊ Aimsiɼ Ghɼamadúil
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Rialacha símplithe
Ar thairbhe na símplíochta, ar aistí ⁊ ailt is ea ’tá fócas na treorach so.
Mar sin féin, ní bheadh sí iomlán mí‑chruínn i dtaobh tráchtas ⁊ miontráchtas.
Rialacha gineaɼáltha maɼ le haimsiɼ
- An Réamhrá
- Cuir é seo ins an aimsir fháistineach.
- “San aiste seo, cíorfar / déanfar athbhreithniú ar / déanfar ainilís ar X.”
- “In this essay, the subject of X will be explored / reviewed / analysed.”
- Príomhchorp an téacsa (1)
- Nuair is cur síos ar thaighde a dheinis atá ann.
- Cuir é seo ins an aimsir chaite.
- “Deineadh ainilís ar na cáipéisí agus scagadh na torthaí de réir na gcritéar cuímsithe.
- “The documents were analysed and the results filtered according to the inclusion criteria.”
- Príomhchorp an téacsa (2)
- Nuair is cíoradh abhair éigint atá ann.
- Cuir é seo ins an aimsir (ghnáth-)láithreach.
- “Is rí‑léir gur ins an láimh chéanna atá na cáipéisí. Mar sin féin, léirítar éagsúlacht shúntasach sa stíl scríbhneoireachta.
- “The documents are clearly written in the same hand yet the prose style exhibits considerable variation.”
- An Chonclúid
- Cuir é seo ins an aimsir chaite…
- …ach úsáid an aimsir ghnáth-láithreach i gcomhair molthaí
- “Léirigh an iniúchadh so X. Molthar go ndéanfaí Y dá réir sin.”
- “This inquiry demonstrated X. Following this, it is recommended that Y be done.”
Gluaiseacht náduɼtha tɼíd na haimsiɼeabh
An rud céanna curtha i láthair ó radharc eile.
Tráchtaireacht leanúnach atá in aiste nú in alth.
- Tosach
- Seo an réamhrá.
- Ag féachaint ar aghaidh is ea athánn tú, ar a bhfuil le déanamh.
- Úsáid an aimsir fháistineach.
- Lár (1)
- Seo an préamh-théacs.
- Ag scrí tuairisce athánn tú, ar an méid a deineadh.
- Úsáid an aimsir chaite.
- Lár (2)
- Seo an préamh-théacs.
- Ag cíoradh abhair athánn tú.
- Úsáid an aimsir (ghnáth-)láithreach.
- Deire
- Seo an chonclúid.
- Ag scrí focail sguir is ea athánn tú:
- Úsáid an aimsir chaite chun do chuid conclúidí ar an obair a deineadh a chur síos…
- …ach úsáid an aimsir fháistineach, is tú ag déanamh molthaí i dtaobh a bhfuil le déanamh feasta.
Lean an tɼeoiɼ
Bíonn a gcuid roghanna féinig ag institiúidí / ranna / scoileanna / stiúrthóirí / foíllseacháin / eagarthóirí éagsúla.
Is tú ag scríobh abhair acadúil dá lithéidí, lean an treoir nú an stíl tí a thugadar duit i gcónaí.