Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil, an Chéad Pheaɼsa Uathach ⁊ an Bɼiathar Saoɼ

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

Foɼbɼeithniú aɼ nósanna maɼ le glóɼ an údaiɼ

Tá dhá scoil smaointeoireachta ann i dtaobh ghlór an údair sa scríbhneoireacht acadúil:

  • Úsáid an chéad phearsa uathach amháin.
  • Úsáid an briathar saor amháin.
an chéad phearsa uathach
“scrúdóidh mé”, “fiosraidh mé”, “measfaidh mé”…
“scrúdaíos”, “d’fhiosríos”, “mheasas”…
“I shall examine”, “I shall investigate”, “I shall evaluate”
“I examined”, “I investigated”, “I evaluated”
an briathar saor
“scrúdófar”, “fiosrófar”, “measfar”…
“scrúdaíodh”, “d’fhiosríodh”, “measadh”…
“It will be examined”, “It will be investigated”, “It will be evaluated”
“It was examined”, “It was investigated”, “It was evaluated”

NB: An daltha ’tá i mbun scríbhneoireachta acadúil i mBéarla, ba chóir go mbeadh ar a gcumas shall agus will a úsáid i gceart.

Moladh maɼ le glóɼ an údaiɼ

Agus tú ag scrí aiste / ailth acadúil mar chuid d’obair chúrsa léinn:

  • Lean an treoir a tugadh duit.
  • Dein pé rud a deir an treoir sin i dtaobh an chéad phearsa vs an briathar saor.
  • Mara ndeir an treoir éinní ina dtaobh, pléigh an cheist led léachtóir / stiúrthóir.

Má thá saoiɼse agat

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé ’ bheith amhlaidh gur cuma sa tsioc led léachtóir / stiúrthóir peocu glór a roghnaíonn tú.

Más amhlaidh athá, roghnaigh do rogha ceann acu!

Ach t’r éis doit do rogha ’ dhéanamh, cloígh leis go docht daingean ó thús deire t’aiste nú t’ailth.

Ná measc an dá ghlór sa cháipéis chéanna choíche.