Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil ⁊ Pluɼales Impɼudentiaɼum
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Seachain na weanna!
Baineann tosnóirí mí‑úsáid as an uimhir iolrach pearsanta ina gcuid scríbhneoireachta acadúil ar uairibh.
Tá ana‑chuid slite chun —míd / —muid / ’úr / bhúr ⁊ɼl… a úsáid, agus sain-bhríanna caolchúiseacha leo.
An pluɼalis majestatis
(ploor-AAA-liss majess-tAAA-tiss)
Comhthéacs ar dtús, d’fhonn sampla de shain-úsáid an uimhir iolraigh phearsanta a thabhairt.
Aithneoir láithreach bonn é.
- “Sé bhur mbeatha a athair”
- “We are not amused”
- “We have become a grandmother”
- “We are a merciful king”
- ⁊ɼl…
Is minicí i mBéarla ná i nGaelainn an úsáid seo.
An pluɼalis modestiae
(ploor-AAA-liss mo-DESS-tee-ee)
É seo an buachaill a chothaíonn deocrachtaí do thósnóirí áirithe
Más i ngoirt na matamataice nú na heolaíochta athánn tú ag obair, níl locht ar bith ar é ’ úsáid…
- “má dhealaimíd a naoi óna trí, faighmíd lúide a sé”
- “má roinnimíd a hocht ar a dó, faighmíd a ceathair”
- “if we multiply six by six, we get thirty-six”
- “if we add tincture of pyrellic to the die, we observe a prompt exothermic reaction”
- ⁊ɼl…
…ach is annamh go n‑úsáidtar in aon ghort acadúil eile é — má húsáidtar in ao’ chor é.
Le seachaint!