Bɼadscɼí
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Ná dein gadaíocht
Tu féinig atá ag staidéar don dioplóma / don gcéim / don iar‑chéim nú peocu.
Ort‑sa is ea a bhronnfar an cháillíocht soin.
Tusa a bhainfidh tairbhe aisti.
Ná dein éagóir ar dhaoine eile, is tú ag scrí do chuid aistí, alth ⁊ tráchtas.
Ná húsáid a gcuid‑na focal, ná a gcuid‑na smaointe, ná a gcuid‑na saothair, ná a gcuid‑na conclúidí, á leogaint ort féin gur leat iad.
Bradscrí a bheadh ansoin. Gadaíocht íntleachtúil. Caimiléaracht. Ná dein é. Choíche.
Bíodh sé soiléaɼ i gcónaí — cé ’tá a’ labhaiɼt?
Cuid den saothar sa ghort í do chuid scríbhneoireachta acadúil, mar sin féin.
Táthar ag súil leis go dtagróidh tú do shaothar scoláirí eile:
- D’fhonn poíntí eolais a léiriú.
- D’fhonn do chuid‑se scríbhneoireachta a cheangail leis an gcorpas.
Ach dein i gceart é.
Tá sé ana‑ana‑thábhachtach go mbeidh ’ fhios ag an léitheoir:
- Nuair atháid siad ag fiscint do chuid‑se focal / saothair / smaointe / tuairimí / conclúidí.
- Nuair is focail / saothar / smaointe / tuairimí / conclúidí de chuid daoine eile ’tá á léadh acu.
Mara ndéanann tú amhlaidh, tá bradscrí agat déanta — is cuma máis é a bhí in aigine agat nú marab é.
Dein neaɼt tagaiɼtí
Nuair a bhaineann tú úsáid as obair atá déanta — nú as abhar atá scríofa — ag daoine eile id chuid scríbhneoireachta:
- Ní foláir duit aitheantas soiléir a thabhairt dóibh.
- Úsáid córas aitheanta tagartha ar nós Harvard chun é sin a dhéanamh.
- Úsáid i gceart é agus úsáid síos tríd do chuid scríbhneoireachta go léir é.
Mara bhfeacaís a lithéid de chóras cheana:
- Cuirtar tagairtí in-líne leis an dtéacs sna háiteanna cuí.
- Agus bíonn liosta d’abhar a ceadaíodh (sa chiall consulted) ag deire an phíosa scríbhneoireachta.
- An ‘liosta tagairtí’ nú ‘liosta léitheoireachta’ a ghlaotar air seo.
- ‘An leabharliosta’ a deirtar ar uairibh, ach tá sé seo ábhar sean-fhaiseanta agus mí‑chruínn, fiú, mar ní do leabhair amháin a déantar tagairt!
Ach ní fheadaɼ conas foínsí a lua
Ná feadair? Ceart go leor.
Tá sé chomh maith agat tosnú le córas Harvard. Is minic a úsáidtar soin sa saol acadúil.
Íoschóipeáil cóip de Cite it Right le hOllscoil Luimnigh.
Din staidéar air.
Foghlaim uaidh.
Agus úsáid go rialtha é.
Agus ná din dearúd a dháltha — is ann do shlite chun breith ar bhradscríbhneoirí.