Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil ⁊ an Coɼpas

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

An coɼpas? Cad é féin?

Corpas
1. Scríbhinní ar abhar fé leith.
2. Scríbhinní le húdar fé leith.

Tá corpas dá cuid féinig ag baint le gach disiplín acadúil.

Más mac léinn na fisice thu, beidh tú ag ceadú (sa chiall consult) chorpas léann na fisice.

Más iníon léinn staidéir na meán tu, beidh tú ag ceadú chorpas léann na meán.

Agus mar sin de…

Ní le scríbhinní acadúla amháin a bhaineann corpais.

Corpas an fhicsin eolaíochta, corpas na scéinséire, corpas an ghrínn ⁊ɼl…

Cuid de thu féin

Is cuma más age tús t’aistir sa ghort acadúil athánn tú.

Is cuma más i mbun teastais nú dioplóma athánn tú.

Saothar acadúil is ea do chuid aistí, ailth ⁊ tráchtas.

  • Is cuid de lucht an corpas a scrí tú féin, ar slí.
  • Is cuid den chorpas í do chuid scríbhinní féinig, ar slí.

Táthar ag súil leis go gceanglóidh tú do chuid‑se scríbhinní den chuid eile den gcorpas.

Cad ina thaobh?

Ní foláir doit a thiospeáint go bhfuil:

  • Eolas maith agat ar a bhfuil déanta ag daoine eile sa ghort.
  • Eolas maith agat ar cad ’tá ar siúl fé láthair sa ghort.
  • Luach íntleachtúil ag baint led chuid oibire féinig.

Ní féidir na nithe seo a léiriú mara bhfuil agat cur amach maith ar an gcorpas a bhaineann led dhisiplín.

Ag leibhéil na máistreachta ⁊ na dochtúireachta go háirithe…

ní foláir doit a thiospeáint nách ag déanamh ruda(í) a deineadh cheana athánn tú…

…Ní dhéanfaidh tú soin mara bhfuil agat eolas maith ar an gcorpas.

Ach cá bhfaigh mé sɼoisiúint aɼ choɼpas mo dhisiplín‑se?

Mar thús:

Cuaɼdach léann-díɼithe

Foíllsitheoiɼí léinn

Ba chóir go mbeidh tú i gcumas do shlí féinig d’aimsiú uaidh seo ar aghaidh.