Scɼíbhneoiɼeacht Acadúil ⁊ Próiseáilithe Focal (1): Aistí, Ailth ⁊ Páipéiɼ

Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn

28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.

Leideanna gineaɼáltha, pɼaiticiúla

Ní cúntas mionsonraithe ar conas aiste, alth nú páipéar acadúil a scrí é seo.

Níl ann ach forbhreithniú ar chuid des na gnéithe a chuireann triail roim thosóirí, is iad i ngleic le scríbhneoireacht acadúil don gcéad uair.

Tús, láɼ ⁊ deiɼe

Shílfeá gur cliché é seo ach — dáltha gach cliché — tá an fhírinne ag baint leis.

Cad a bhíonn ar siúl agat, is tu ag scrí aiste, ailth nú páipéir?

Ag scrí cúntais de shaghas éigint is ea ’ bhíonn tú:

  • Cúntas ar abhar éigint sonrach.
  • Cúntas ar obair nú ar thaighde éigint athá agat déanta.
  • ⁊ɼl…

Riachtanais bhunúsacha iad tús, lár agus deire chun struchtúr slachtmhar loighciúil a chur ar aon chúntas foirmeáltha scríofa.

B’fhéidir go mba chabhair í an mhéid seo ’ leanas chun cabhrú leat struchtúr a chur ar do chéad cúpla aiste / alt / pápiéar?

Tús
’Sé seo an rémhrá.
Tabhair míniú gonta ar an abhar nú ar an dtaighde a bheidh agat á phlé.
Tabhair — go gonta ⁊ go sonrach — na ceisteanna is mian leat a fhreagairt leis an obair nú leis an dtaighde sin.
  • Freagraíonn gach saothar taighde ceist(eanna) de shórd éigint.
  • Cabhróidh sé go muar leat má chuireann tú aidhmeanna na hoibire / an taighde in iúl i riocht ceisteanna.
  • “Cad a tharla?”
  • “Cad ina thaobh?”
  • Canad ann é?”
  • “Caid é féin?”
  • “Cad ba chúis leis?”
  • “Caid é an toradh ’ bhí air?”
  • “Caid is mian liom ’ fháil amach?”
  • ⁊ɼl…
  • Ná bíodh an iomad ceisteanna agat nú caillfidh an obair / an taighde fócas!
  • Is leor ceist nú dhó i gcás aiste, ailth nú páipéir.
  • Má thá níosa mhó ceisteanna ná soin agat, b’fhéidir go mba fhearr iad a fhreagairt in obair / i dtaighde ar leithligh?
Tabhair an chúis go bhfuilnn tú i mbun na hoibire /an taighde.
Tabhair údar leis an obair / leis an dtaighde. Cad ina thaobh gur fiú í ’ dhéanamh?
Lár
’Sé seo croí-lár an phíosa.
Déanann tú an t‑abhar a chíoradh nú déanann tú cur síos cuímsitheach ar an dtaighde a dheinis.
Deire
’Sé seo an chonclúid.
Cad a fuarais amach?
Caid í do mheas íntleachtúil ina thaobh?
An bhfuil éinní le déanamh anois chun cur leis an obair / leis an dtaighde ’tá agat déanta?

Leanúnachas

Dein deimhin go bhfuil leanúnachas síos tríd, ó thús go deire.

’Sé sin, go bhfuil an cíoradh / an taighde dírithe ar na ceisteanna a fhreagairt

…is gur toradh loighciúil iad na conclúidí ar an gcíoradh / ar an dtaighde.

Ceannteidil

In ainm Chroím, ná scrígh fallaí muara, dubha, cráiteacha corp-théacsa, a chuirfeadh aon léitheoir a’ teitheadh lena anam!

Is tú a’ scrí leat in MS Word / LibreOffice / AbiWord, Scrivener, Google Docs agus mar sin de, úsáid ceannteidil.

Chun cáipéis a roinnt i rannóga loighciúla is ea a húsáidtar iad so.

Fágaid siad an téacs abhfad níos éasca le léadh.

Tá roinnt leibhéal cheannteidil ann, óna 1 síos go dtína 6.

Úsáidtar iad so chun fo‑rannóga, fo‑fho‑ranóga agus mar sin de a shíneadh amach.

Ceanntáisc

Rannóg cáipéise ’tá díreach mar an gcéanna ar gach leathanach is ea ceantásc.

Ag ceann an leathanaigh is ea ’ bhíonn sé.

Ní haon dochair na nithe seo ’ leanas a chur i gceanntásc aiste, ailth nú páipéir:

  • Teideal na cáipéise.

  • Ainm ⁊ uimhir an mhic / na hiníne léinn.

Buntáisc

Rannóg eile cáipéise ’tá díreach mar an gcéanna ar gach leathanach is ea buntásc.

I mbun an leathanaigh is ea ’ bhíonn sí sin, gan dabht.

Bheifí a’ súil le huimhriú leathanach i mbuntásc aon aiste, ailth nú páipéir:

  • Leathanach X.

Ach dob fhearr ar fad líon na leathanach ’ bheith tabhartha leis:

  • Leathanach X de Y.

NB: Is féidir le MS Word, LibreOffice ⁊ɼl… uimhir an leathanaigh agus líon na leathanach a chuir isteach go huathoibrúíoch.

Cuardaigh insert page number, insert number of pages, insert fields agus mar sin de…

Dúiɼt mé go ndúiɼt mé go ndúiɼt mé…

Seachain athrá.

Ní thuillfidh sé márcanna doit — ach, airiú, caillfidh sé iad!

Níl ann ach an líon focal agat á at

…á thabhairt le fios go nea’mbalbh gur gann, gátarach athánn tú i nithe le rá.

ana‑chúramach le ráitis den aicime “mar a duart cheana”.

Stop agus din athbhreithniú ar a bhfuil agat á scrí má fhiceann tú thu féin a’ scrí a lithéid.

  • An gá ínsint don léitheoir cad ’ duaraís “cheana”?
  • feadair iad “cheana”?
  • Nár léadar “cheana” é?

gonta sa réamhrá (an tús). Fág rodaí doit féin le rá sa lár!

habair rodaí sa chonclúid (an deire) a duaraís cheana sa lár. Abar rodaí eile, mar chonclúid orthu soin!

Agus, ar deire, an pièce de résistance:

  • An Introduction to the Introduction.
  • An Conclusion to the Introduction.
  • An Introduction to the Conclusion.
  • An Conclusion to the Conclusion.
  • Agus gach a bhfuil idir eatarthu…

’Sea, ’sea, chíonn tú an ráiméis seo ó am go ham.

Ní cleachtas nea’chomónta é.

Ach ní ghlacann údar an mhonaghraif seo léi.

Caid í ach aicime eile athrá?

A lithéid de ghlig gleaig! Seachain í!