Cleachtadh ⁊ Scɼíbhneoiɼeacht sa Spás Machnamhach
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Cleachtadh machnamhach
Cur chuige i leith oibire is ea cleachtadh machnamhach.
Próiseas íntleachtaúil is ea é.
Féadtar é a úsáid chun feabhas a chur ar do chuid cleachtas oibire.
Machnamh cɼiticiúil
Gné riachtanach de chleachtadh machnamhach machnamh criticiúil.
- Machnamh
- Smaointeoireacht dháiríre, thomhasta…
- Criticiúil
- …agus breithiúnachas cúramach, mionchúiseach mar bhunsraith aici.
Lena línn nú dá éis
Tá modhanna éagsúla ann chun cleachtadh machnamhach a chuir i ngníomh.
Tá an dá mhodh seo ’ leanas ina ina bhfochair:
- Machnamh le línn gníomhaíochta
- A déantar le línn í a bheith ar siúl.
- Machnamh ar ghníomhaíocht
- A déantar dá éis.
Seans gur machnamh ar ghníomhaíocht an teicníc is éasca le húsáid i dtosach, is tú ag baint tarrac à cleachtadh machnamhach don chéad uair.
What? So What? Now What?
Múnla cáiliúil den aicime mhachnamh ar ghníomhaíocht is ea What? So What? Now What?.
Terry Borton (Borton, 1970) a chúm é.
1. What?
Féachann tú siar ar an obair a deineadh.
- Cad a dheineas?
- Cad nár dheineas?
- Cad é an toradh lena rabhas ag súil?
- Cad é an toradh a bhí ann?
- Peocu toradh a bhí ann, cad a dheineas chun deighleáil leis? Ar rith liom?
- Cad iad na rudaí a d’oibrigh?
- Cad iad na rudaí nár oibrigh?
- Cad ’tá foghlamtha agam?
2. So What?
Déanann tú machnamh ar ímpleachtaí na rudaí a tharla.
- An bhfuil tábhacht leis na rudaí a tharla?
- Sa chás go bhfuil, cad ina thaobh?
- Sa chás ná fuil, cad ina thaobh?
- Cad iad iarmhirtí gach rud a tharla?
- Cad é an tionachar a bheidh acu seo — orm féinig go pearsanta, ar mo chleachtas gairmiúil, ar m’fhorbairt phearsanta, ar m’fhorbairt ghairmiúil, ar mo chuid comhghleacaithe, ar dhaoine eile… ?
3. Now What?
Tagann tú ar chonclúidí tomhasta, réasúnaithe a chabhróidh leat feabhas a chur ar do chuid oibire feasta.
- Cad a dhéanfaidh mé feasta de thoradh an méid a tharla?
- Cad iad na rudaí a athróidh mé? Cad ina thaobh?
- Cad iad na rudaí ná hathróidh mé? Cad ina thaobh?
- Conas go mbainfead tairbhe as a bhfuil foghlamtha agam?
Aistí ⁊ dialanna machnamhacha
Is féidir cur chuige What? So What? Now What? a úsáid mar chreatalach, is tú ag scrí aiste nú dialann mhachnamhach.
Ach cuimhnigh! Ní leor sruth fada ‘rinne mé seo’, ‘rinne mé siúd’, ‘rinne mé eile’…
Teastaíonn níos mó ná san, agus tú ag plé What?, fiú.
Bain úsáid as na ceisteanna ar na liostaí atá tabhartha thuas chun tú féin a chur ar an mbóthar.
Moladh maɼ le dialanna machnamhacha
Dein nós de dialann a choimeád ón chéad lá.
Cuir iúntrálacha léi díreach tar éis duit gach píosa oibire a chríochnú.
Ná cuir donas ar déanaí. Déanfaidh tú dearúd ar nithe tábhachtacha.
Moladh maɼ le haistí machnamhacha
Dein nós de dialann a choimeád ar aon chuma. Cé gur aiste athá le scrí.
Ceann símplí, b’fhéidir? Mara bhfuil inti ach poíntí urchair.
Ná cuir donas ar déanaí!
Cuirfidh an dialann so What? ar fáil nuair a bheidh sé in am tabhairt fén aiste agus fé So What? agus Now What?.
Léitheoiɼeacht bhɼeise
Tagaiɼtí
- Borton, T. (1970). Reach, Touch and Teach. London:Hutchinson.