Digitiú Linguaphone Conveɼsational Couɼse: Iɼish

Foíllseachán de chuid Leabharlann an 2½d.

Míċeál Ó Loċlainn a scrígh

1d Mí Eanair 2021 dáta a chéadfoilsithe (in Coisín Shiúlach).

Chun dáta i Leabharlann an 2½d: 14ú Mí Abaráin 2024.

Ceol na Maɼa

Ar 25ú Mí a’ Mhárta 2024, d’fhoíllsíos Ceol na Mara, díolaim ar líne in ómós do Mháire Ní Ghuairim; scríbhneoir, craolthóir, múinteoir ⁊ amhránaí a mhair sa chéad leath den bhFichiú Aois is a bhí ana‑gníomhach in Athbheochan na Gaelainne. Tá léiriú digiteach de chúrsa foghlama Gaelainne go raibh sí páirteach ann ar cheann des na míreanna sa díolaim soin.

Jacques Roston ⁊ Linguaphone

Bhunaigh Jacques Roston an Linguaphone Group i Londain Shasana i mbliain a 1901. Ceannródaí ab ea Roston, a d’aithin an luach a bhain le teicneolaíochtaí nua an taifeadta fuaime — is le sorchóirí céarach Alexander Graham Bell go háirithe. (Linguaphone Group, g.d.).

Leabhar cúrsa (na Rees Pictorial Language books) agus foireann bheag sorchóirí céarach (ar ar raibh taifid d’urlabhra dhea-chainteoirí dúchasacha) a bhí ins na céad cúrsaí Linguaphone (Linguaphone Group, g.d.). D’fhéadfá ’ rá gur tairge foghlama teangan ilmheán a chruthnaigh Roston — trí fichead bliain sarar cumadh an focal soin agus trí bliana déag ar cheithre fichid sarar cuireadh an chéad ionchódóir MP3 ar fáil.

Ach mar a tharlaíonn i gcónaí i ngort na teicneolaíochta, má bhí forbairt ann, do bhí coimheascar, clampar is comórtas ann leis — agus is é gramafón Emil Berliner a fuair an bua sa chás so (Editors of Encyclopædia Britannica, The, 2023). Thráigh na sorchóirí, tháinigh ceirníní ina n‑inead agus is orthu soin a bhí taifid fuaime Linguaphone á ndáileadh fés na 1920dí.

Linguaphone in Éiɼinn ins na 1920idí

D’eisigh Linguaphone dhá chúrsa Gaelainne sna 1920dí. I riocht bhoscraí ceirníní 78 RPM — ‘plátaí’, mar a ghlaoití orthu an uair úd — is ea a bhí an t‑abhar fuaime.

Tugann an dá chúrsa The Linguaphone Institute, 24–27 High Holborn, London, WC1 mar ainm an fhoíllsitheora ach tugann an chéad cheann acu The Linguaphone Institute, 3 Grafton Street, Dublin leis.

Cúɼsa Sháin Uí Chuív

Short Irish Course an teideal a bhí ar an gcéad chúrsa. Ní fheadar bliain a chéadfoíllsithe is ní fheadar ar foíllsíodh níosa mhó ná aon eagrán amháin de. Shán Ó Cuív (1875–1940) a scrígh agus é féinig is Aindrias Ó Muimhneacháin (1905–1989) is ea a sholáthair na glórtha.

Cúɼsa an Mháilligh / an Bhɼeathnaigh

Tomás Ó Máille (1880–1938) is Mícheál Breathnach (1886–1987) a réitigh an tarna ceann des na cúrsaí seo. An Breathnach agus Mícheál Ó Maoláin (1881–1956) agus a sholáthair glórtha na bhfear.

Máire Ní Ghuairim is ea a sholáthair glór na mná.

Circa 1927–1928 a céadfoíllsíodh é seo ach níor rith liom an teideal a bhí air a dheimhniú fós.

I mbliain a 1929 is ea a foíllsíodh an tarna heagrán de. The Linguaphone Irish Course an teideal a bhí air agus Irish in 30 Lessons an fo‑theideal. Mar chuid de Roston’s pictorial language series is ea a foíllsíodh é.

Lean an tríú heagrán i 1931. Linguaphone Conversational Course: Irish a bhí air seo.

Linguaphone in Éiɼinn ins na 2020idí

Linguaphone in Éirinn i gcónaí. San Uaimh i gContae na Mí is ea a bhí sé lonnaithe tráth an t‑alt so a bheith á scrí. I New Malden Shasana a bhí ceannáras an ghrúpa (Linguaphone Ireland, g.d.).

Digitiú chúɼsa an Mháilligh / an Bhɼeathnaigh

I ndeire na 1990idí / tosach na 2000idí, do bhronn An tOllamh Tomás Ó Concheanainn cóip iomlán den tríú heagrán de chúrsa Linguaphone an Mháilligh / an Bhreathnaigh ar Áras Shorcha Ní Ghuairim, inead de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus tá sí sin ar a coimeád i gcartlann an Árais ó shin i leith.

An gaol a bhí ag Máire Ní Ghuairim le Sorcha is ea a spreag me chun í a dhigitiú is a chur ar fáil gan srian ar an nGréasán.

Dheineas digitiú ardchaighdeáin ar an leabhar cúrsa sa mbliain 2019 agus ag tosach Mí na Feabhra 2020 — an tráth ar seoladh Coisín Shiúlach, foíllseachán ar líne mar le Sorcha Ní Ghuairim, deirfiúr Mháire, ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman na bliana san — bhíos‑sa agus Fionn Ó Sealbhaigh, comhghleacaí liom san Acadamh agus saineolaí ar chúrsaí fuaime, ag réiteach chun na gceirníní féinig a dhigitiú. Ach tháinig an Víreas Corónach ar an bhfód go gairid ina dhiaidh san, cuireadh isteach go mór ar chúrsaí an tsaeil agus b’éigean dúinn an obair a chur ar athló. Níor rith línn filleadh uirthi go Mí na Samhna 2020 ach d’oir dúinn í a chur i gcrí gan mhoíll, ar eagla go gcuirfí tuilleadh dianghlasála i bhfeidhm agus go dtiocfadh a cuid iarmhirtí idir sinn agus í san athbhliain. Fé bhrú is ea a deineadh an obair dhigitithe seo agus cé go bhfuilmíd sásta go leor leis an toradh is féidir go bhfillimíd ar ghnéithe dhi amach san aimsir.

Ar Lá Caille 2021 a céadfoíllsíodh toradh na hoibre seo, 90 bliain is a foíllsíodh an cúrsa bunaidh, in Coisín Shiúlach. Ach tá sé aistrithe anois go Ceol na Mara, foíllseachán gréasáin a bhaineann go sonrach le Máire — fé mar is cóir.

Canúintí dúchasacha

Ní dochair a lua go n‑úsáideann gach éinne de na cainteoirí ar Linguaphone Conversational Course: Irish leagan mionathraithe dá gcanúint dhúchais féinig. Dá réir sin, ní cóir glacadh leis na taifid seo mar shamplaí de Ghaelainn ghlan Iorras Aithneach, Árann agus Dumha Locha. Mar sin féin, tá seoda le n‑aimsiú sna taifid fuaime. Mar shompla, deir S. Mac Niocail an méid seo ’ leanas i dtaobh Mháire i réamhrá an leabhair:

The lady’s voice belongs to Máire Ní Ghuairim, who was born in Roisín na Maithniach in the heart of Connemara, a district often visited by Pádraig Mac Piarais and made famous by him in Íosagán and other of his stories — Máire remembers very vividly his visit to the school she attended… It is only of recent years that she has come to reside in Dublin and her voice has lost none of that subtle charm and soft music which will always recall the draoidheacht of Cois Fairrge.

Linguaphone Conversational Course: Irish [an 7ú lch., gan uimhir].

Is ait í an tagairt don ainmfhocal dílis ‘Cois Fairrge’ (‘Cois Fharraige’ i litriú caighdeánach an lae iniubh). Cé gur cois na farraige iad Ruisín na Maithníoch agus Iorras Aithneach, táid siad fiche míle siar ón gcuid is sia siar de cheantar Chois Fharraige.

Cáipéis staiɼiúil Gaelainne

Lesson No. 1: ceirnín 1, taobh‑A.

Lesson No. 3: ceirnín 2, sa chlúdach deannaigh.

Lesson No. 5: ceirnín 3, sa chlúdach deannaigh.

Ós amhlaidh gur cumadh an Linguaphone Conversational Course: Irish corraíocht is nócha bliain ó shin, iarrtar ar léitheoirí gan breith ró‑ghéar a thabhairt ar an modheolaíocht teagaisc, ar mhianach an taifeadta, ar an aisteoireacht ná ar aon ghné dhe. Tá múnlaí oideolaíochta dá síorathrú agus tá eolaíocht an chlosamhairc á síorfhorbairt agus cá bhfios caid í an bhreith a bheifar a’ tabhairt sna 2120idí ar iarrachtaí ‘chun dáta’ ‘nua-aimseartha’ na 2020dí?

Cé go raibh teicneolaíocht inúsáidte thaifeadadh fuaime ann le timpeall ar leathchéad bliain nuair a foíllsíodh an cúrsa so, bhí sí seo bunúsach go maith agus ag teacht in aibíocht i gcónaí. B’fhéidir gur shoineanta a bhí an tuiscint ar conas úsáid fhónta a bhaint aisti leis? Agus b’fhéidir nach bhfuil sé pioc míréasúnta a rá gur thóg sé nócha bliain eile orainn greim cheart d’fháil ar theicneolaíocht an chlosamhairc — má rith línn an beart a dhéanamh fós.

Níl aon dabht ach gur léargas é an cúrsa so ar ceannródaíocht Jacques Roston. Bhí sé de theist aige nách do mhórtheangachaibh amháin a thug sé aire ach gur chaith sé dua le leithéidí na Gaelainne is na Breatanaise leis. Ní hé ná raibh a dhóthain aige le déanamh ag briseadh talaimh nua, seachas tacaíocht a thabhairt do mhionteangachaibh go raibh saol mór idirnáisiúnta na n‑uaisle beag beann orthu. I gcamhaoir ré na bplátaí gramfóin is ea a bhunaigh sé Linguaphone agus is ag braith rómpu a bhí sé féinig agus gach éinne a bhí páirteach i saothrú na gcúrsaí foghlama soin. Ní raibh múnlaí buanaithe, dea-chleachtais ná rialacha acu le leanúint ach is iad a chuir síos an bhunsraith ar ar deineadh obair ní ba shoifisticiúla dá éis. Ní beag í an chreidiúint ’tá ag dul dóibh.

Tugann an cúrsa so léargas beag dúinn ar shaol na haimsire sin leis. Léigh an téacs margaíochta, atá le feiscint sna grianghraif, ar chlúdaigh deannaigh na gceirníní: “Spoken English and Broken English by G. Bernard Shaw”, “Linguaphone Shakespearian Series by John Gielgud”, “Linguaphone Morse Code Course… This will prove invaluable to everyone interested in signalling as well as to wireless enthusiasts who want ‘to pick up’ messages radiated in Morse” agus — á mheabhrú dúinn nach é tosach na 2020dí an chéad uair go raibh deacrachtaí tromchúiseacha domhanda ann — “The following three items are not in production during war time”…

In ómós do Mháire Ní Ghuairim is ea a cuireadh an léiriú leictreonach so ar fáil go príomhúil. Mar sin féin, seasaíonn sé mar cháipéis stairiúil i gcórpas agus i stair na Gaelainne agus táthar ag súil go gcuirfidh duine, beirt nú triúr de chuallacht na Gaelainne suím ann.

Teiɼce na n‑eagɼán eile

Suimiúil go leor, agus me i mbun taighde ar an gcúrsa so, fuaras i bhfad níos mó tagairtí don tríú heagrán de ná de cheachtar den dá heagrán eile. Ní fheadar an é an t‑eagrán is mó gur tháinig cóipeanna dhe slán? Is é atá ar a coimeád ag Ollscoil Uladh mar shampla agus is dò a thagraíonn Google Books. Tá sé luaite ar liostaí WorldCat leis, i bhfochair tagairtí don tarna heagrán.

Mar a tharlaíonn, tá cóip de leabhar cúrsa an tarna heagráin im sheilbh pearsanta féinig. Cheannaíos ar €7 é roinnt de bhlianaibh ó shin ach ní cuimhin liom cár cheannaíos é. Ní raibh na ceirníní ina fhochair. Tá cóip de leabhar chúrsa Linguaphone Short Irish Course agam leis ach nílid ceirníní an chúrsa soin agam ach an oiread — mo chreach.

Tagaiɼtí

Editors of Encyclopædia Britannica, The. (2023). ‘Phonograph’ in Encyclopædia Britannica. Ar líne: https://www.britannica.com/technology/phonograph. Chicago:Encyclopædia Britannica, Inc. [Ceadaithe 20230823.]

Linguaphone Group. (g.d.). ‘Our Heritage’ in linguaphonegroup.com. Ar líne: https://www.linguaphonegroup.com/our-heritage. London:Linguaphone Group. [Ceadaithe 20221110.]

Linguaphone Ireland. (g.d.). ‘About’ in linguaphone.ie. Ar líne: https://www.linguaphone.ie/about/. Navan:Linguaphone. [Ceadaithe 20221110.]