Teanga Liom Leat Chuallacht Theagasc a’ Chaighdeáin
Foíllseachán de chuid Leabharlann an 2½d.
Míċeál Ó Loċlainn a scrígh
23ú Mí na Féile Bríde 2025 dáta a chéadfoíllsithe.
Beaɼt do ɼéiɼ bɼiathaiɼ
An saoi ’ éileódh foirfeacht ar dhaoine eile, níor mhuar do féin ’ bheith gan locht.
Tá sé corraíocht is deich mbliana is trí fichid ó eisigh Cuallacht Theagasc a’ Chaighdeáin bulla ’n Aoin Fhíor-Chaighdeáin Amháin; caighdeán docht, daingean gan trócaire, gur thábhachtaí dhò glaineacht theoiriciúil ná an teanga bheo a bhí á labhairt ag pobail teangan na Gaelainne. Is géar, feallthach an lann é tá tú ceart — ach níl tú caighdeánach.
Ach ní bheidh deire choiche le saothar an Chuallachta agus táid siad de shíor faireach. I mbliain a 1959 d’fhoíllsigh Basilica de Blaghd An Soíscéal do Réir de Bháldraithe chun an Tréid a oiliúint le seoda ar nós féintruailliú
agus séantóir creidimh
. Nách dúr é an t‑amastún caillthe a cheistneódh loighic an Incipit: [t]here are many thousands of words and phrases in current use in the Gaeltacht, which will not be found here, because they are not the equivalents of common English
?
The equivlants of common English.
Dia na bhFlaitheas idir sinn agus foclóir Gaelainne ’ thabharfadh tús áite don Ghaelainn féinig.
Ansan, i mbliain a 1977, do foíllsíodh FGB — Codex a’ Chaighdeáin agus Ultima Thule an Dálaigh — go roibh d’fheidhm thanaisteach aige an oiread de bhrí is d’éagsúileacht na teangan agus a d’fhéadfadh sé a chur fén bhfód. ‘Óstán’ a deir tú? Tá tú ceart — ach níl tú caighdeánach.
Anois, ba chaolchúisí an Dálach ná aon bheithíoch na páirce agus is téalthaitheach, formhothaithe, fáilí é an lann a shaoirsigh seisean chun an fhóid a bhaint — an fhoirm mhalartach. Ní thugann soin aitheantas do rud ar bith — cé gurb é a mhaíonn an Cuallacht nuair a riúnaíonn sé iad — ach go dtugann sé dhóibh iúnstraim fhoirmeáltha chun Nithe Nea’ghlana ’ dhíothú. Aon Chuallacht amháin, aon Bhriathar amháin, aon Chaighdeán amháin, a luíod comhchiallach is is féidir agus extra decretum nulla salus.
Ach baill ó Dhia ar an gCuallacht, is acu ’tá an t‑ardcheart ó thaobh na mórálthachta dhe. Nílid siad liom leat.
Agus is fiú dearcadh ar chuid des na focail a cuireadh leis an Index Lexium Prohibitorum le hais cuid des na cínn nár cuireadh. Abhar ceart machnaimh.
Méadófar an t‑athbhreithniú so ar an Lumen gentium do réir a chéile.
Idir an dá línn, dein do mhachnamh ar an ndifir atá idir sadhbhnós agus sadhbhnós. Age Dia agus an t‑asal féinig athá ’ fhios caid é an mianach athá san abhainn úd i gCorcaigh.
Tagaiɼtí
de Bháldraithe, T. (1959). English‑Irish Dictionary. Ar líne: https://www.teanglann.ie/en/eid/. Baile Átha Cliath:An Gúm. [Ceadaithe 20250201.]
Ó Dónaill, N. (1977a). Foclóir Gaeilge‑Béarla. Ar líne: https://www.teanglann.ie/ga/fgb/_reamhra. Baile Átha Cliath:An Gúm. [Ceadaithe 20250201.]
Ó Dónaill, N. (1977b). Foclóir Gaeilge‑Béarla. Ar líne: https://www.teanglann.ie/ga/fgb/leanúntas. Baile Átha Cliath:An Gúm. [Ceadaithe 20250201.]
Ó Dónaill, N. (1977c). Foclóir Gaeilge‑Béarla. Ar líne: https://www.teanglann.ie/ga/fgb/gaelainn. Baile Átha Cliath:An Gúm. [Ceadaithe 20250201.]
Ó Mianáin, P. (2020a). Concise English‑Irish Dictionary. Ar líne: https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/continuum. Baile Átha Cliath:An Gúm. [Ceadaithe 20250201.]
Ó Mianáin, P. (2020b). Concise English‑Irish Dictionary. Ar líne: https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/fucking. Baile Átha Cliath:An Gúm. [Ceadaithe 20250201.]




