An Pye P75 ⁊ Toilleoiɼ Cúplála na Gɼeille Aschuiɼ
Údar: Míċeál Ó Loċlainn.
Dáta foíllsithe: 13ú Mí ’n Mhárta 2021.
Ceannaigh dea-rod is beidh agat saor-rod. Ceannaigh dro’rod is ní beidh agat aon rod.
Maɼ gheall aɼ an bhfeaɼas
Is ró-dhócha go bhfuil an fearas so (Figiúr 1) im sheilbh le corraíocht is leath a shaeil. I lár na 1950daí is ea a bhí an P75 á dhéanamh agus i lár na 1980daí is ea a cheannaíos an ceann so, in áras muar tráchtála ar sheiscinn thais iarghualtha in oirdheiscirt Shasana. Halla Bhaile na nDaoine an ainm a bhí ar an áras úd ach do tugadh le fios dom, os íseal agus fé dhíscréid, go raibh fo-théacs canúnach ag baint léi sin. Do bhí gach saghas drongán ar díol age muíntir a’ tí agus ina measc súd is ea a fuaras an P75.
Thugas abhaile liom í, chuireas plocóid ar a sreang bhunaidh dhá chroí agus, le haineolas náireach, nár chuireas air í? Mar is gnách le fearas comhla, thug sí leathneomat á té féin agus i gciúnn gearrathamaill do bhí ghiúch a’ bhosca le clos ar fuaid thóin a’ tí. Tuigim anois gur liom a bhí an t‑adh… Ar ao’ chuma, do thug sí seirbhis mhaith uaithi ar feadh roinnt mhaith de bhliainibh ach nár theip uirthi lá sna nóchadaí? agus níor rith liom duine oílthe ’ aimsiú chun tarrtháil a dhéanamh uirthi go bliain a 2010 nú mar sin. Do dhein mo dhuine an gnó agus tá sí ag obair go breá arís ó shin i leith.
D’osclaíos an fearas so nuair a cheannaíos í, go bhfice me cad ’ bhí inti, ach níor chuireas do dhua orm féin í ’ oscailth arís t’r éis dom’ dhuine í ’ deisiú, cé go rabhas fiosrach i dtaobh cad a dhein sé chun í ’ thabhairt thar n‑ais ós na mairbh. Ach cúpla mí ó shin do chuireas rómham radió comhla eile athá agam a dheisiú dom féinig. Ekco A110 is ea í sin. Do cheannaíos ar chúig phúnt Gall’a í nuair a bhí Falla na Beirlíne agus Maighréidín Nic a’ Tuíodóra araon fós ina seasamh ach tá sí chomh marbh le hArt a fhad is go bhfuil sí agam. A’ cuir an donais ar déanaí atháim le corraíocht is ceathrú céid. Cé gur dhá fhearas éagsúil iad, cheapas go mba chabhair í féachaint (Figiúr 2) ar pé rod a dhein an gairmiúlach ar a’ bP75 sara raghainn i mbun mo chuid oibire feinig ar an A110.
Nuair ’ osclaíos an P75 arís, do bhaineas an fráma as is do leagas ar a dhroím é. Ba léir gur dhá thuilleoir, C16 ⁊ C7 ar bhileoig an Trader, a d’athraigh mo dhuine; maraon leis an bpríomhshreang aibhléise, gan dabht (Figiúr 3). Ach, ait go leor, níor athraigh sé C20 — tuilleoir cúplála na greille aschuir. Tuilleoir céarach/páipéir a bhí ann agus ba dhea’raitheach gurb é an ceann a bhí sa bhfearas nuair a fhág sé an mhonarcha deich mbliana is trí fichid ó shin (Figiúr 4). Age Dia ’s an t‑asal féin athá ’ fhios ca’ ’na thaobh nár athraigh mo dhuine é seo. Tá fíor-dhro’cháil ar sheana-thuilleoirí céarach/páipéir agus dearg-cúntúirt is ea iad sa suíomh so. Molann beagnach gach éinne dos na sean-fhonndúirithe a lithéidí d’athrú béal na gclár a luaithe ’s a fhictar iad. B’fhéidir go raibh cúis mhaith age mo dhuíne é ’ fhágaint ann i mbliain a 2010 ach ba leasc liom‑sa iúntaoibh a thabhairt leis a thuilleadh agus chuireas rómham é ’ athrú.
Réamhobaiɼ, ullmhú ⁊ tástáil
An chéad rod a dheineas ná fiús BS 1362 na plocóide d’athrú. Ceann 3 aimp a bhí inti go dtí sin. Ní haon díobháil soin ach ní tharraingíonn fearas den tsaghas so an mhéid sin srutha agus dá luíod é luach fiús, nách é is fearr? — a fhad is ná bíonn sé do shíor a’ crá-shéideadh. Do chuireas ceann 1A ina inead (Figiúr 5) agus phlugálas isteach trí RCD é (Figiúr 6).
Scéilín thorais: Le corraíocht is dathad bliain ní dó’ liom gur cheannaíos fiús 13A riamh. Tá bosca beag mealbhóg agam, is iad lán leo, agus cuid acu chomh sean leis an gceo (Figiúr 7). À fearas ar nós lampaí búird, soílse Nollag agus raidiónna trasraitheora ’ thanadar. Dia idir sinn is an olc…



Agus an mhéid sin déanta, chuireas air an fearas, leogas dò é féin a thé is d’aimsíos stáisiún (Figiúr 8).
Ansoin, chuireas iarratais an mhéadair treasna ghreille an comhla aschuir (V4) agus an fráma. Fé mar a bhíos ag súil leis, do bhí difríocht phoiteinsil eatarthu (Figiúir 9) agus ba dheallraitheach gur a’ dul i n‑aírde a bhí sí, do réir a chéile (Figiúir 10).
D’fhágas an fearas go ceann fiche neomat, do bhfaigh sé deis é féin a thé go hiomlán. Ceart go leor, ná raibh an dhifríocht phoiteinsil beagnach dhá oiread níosa mhó (Figiúirí 11 ⁊ 12) ná mar a bhí sí i dtosach?
Ba sheacht léir go raibh thoilleoir cúplála na greille aschuir le hathrú — iúntas na n‑iúntas.
An deisiú
Ní raibh agam mar chomharba ar an seana-thoilleoir ach ceann de ghrádú 1000V. Thar fóir go léir! Abhfad níosa mhó leis, go fisiciúil, ná an toilleoir bunaidh (Figiúir 13). D’fhág soin ná féadfaí an seana-cheann a athlíonadh leis ach is cuma: ná fuil dhá thoilleoir nua-aimseartha sa bhfearas cheana, is iad dearg-lomnochtaithe? Do bhaineas an C20 bunaidh as an bhfearas gan mhoíll. Ghearras a chuid sreangán díreach mar a dtéid siad isteach ann, á bhfágaint sa bhfearas ionas go bhféadfaí iad ’ úsáid mar sheoláin chrochta. Do ghlanas an chéir dhóibh seo le cipíní coitín is biotáille bhán, thugas cuimilth d’éadach éimir dhóibh, is do dheineas iad a stánú. Ansoin, chuireas an toilleoir nua sa bhfearas le blúire sádair agus cleas eireaball na muice (Figiúirí 14 ⁊ 15).



Do cuireadh an fearas air arís is do deineadh poiteinseal na greille aschuir ’ thomhas arís. Abhfad ní ab fholláine ’ bhí sé an uair seo (Figiúirí 16 ⁊ 17).
Ná ɼaibh sé chomh maith…?
Ós amhlaidh go raibh an fearas agam bainte ó chéile, is go raibh mo chuid córacha agam sínte amach ar an mbord, ná raibh sé chomh maith agam gach toilleoir céarach/páipéar eile ’ bhí fágtha sa bhfearas a ruagart leis? Mheasas gur C19 agus C24 a bheadh le n‑athrú ach bhí dearúd orm. Ba léir gur athraíodh C19 cheana mar toilleoir ‘mustaird’ is ea a bhí ann (Figiúr 18). Dob é an t‑aon toilltheoir mustaird a bhí sa bhfearas agus ná raibh lorg iarainn táthaithe ar ínsliú shreangáin athá láimh leis (Figiúr 19)? B’fhéidir gur athraíodh é sin abhfad ó shin (roim 2010) mar ní páirt nua-aimseartha é. Go deimhin, níl cuma obair mhonarchain ar an dtáthú lena bhfuil sé neascaithe don bhfearas. Tá an luach mí-cheart aige leis: 15,000pF seochas 5000pF. Shocaraíos ar é ’ fhágaint mar athá go fóill ach déanfad tuilleadh fiosruithe go bhfaigh me amach an díobháil nú tairbhe é. Seana-thoilleoir céarach/páipéir a bhí i C24, ceart go leor (Figiúr 20). An C24 bunaidh a bhí ann, táim siúráltha sealbhaithe.



Do baineadh C24 as an bhfearas (Figiúr 21), do réitíodh ceann nua (Figiúr 22) agus do cuireadh ann ina inead é (Figiúr 23).



Athlíonadh na dtoilleoiɼí
Agus b’shin shin! Tá an dá sheana-thoilleoir agam curtha i leataoibh agus b’fhéidir go ndéanfad obair mhuar ath-líonta toilleoirí ar an bhfearas amach san aimsir. Ní hé an gad is gaire dom scornaigh, mar sin féin.
An P75 in úsaid aɼís
Is cuma más seanndacht, claisiceach nú seana-ré é. Ní beo dhò mara bhfuil úsáid á baint as.
Iaɼ-scɼiptum
Toilleoir cúplála na greille aschuir
, iarratais an mhéadair
, éadach éimir
… ’Sea, ’sea, ’sea, tá ’ fhios agam.
Tá do thuairim féinig agat ’na thaobh so. Fé mar is cóir.