Evenings, Afteɼnoons, Bonnets, Hoods, Couples, Ditches ⁊ Dɼains
Monaghraf le Míċeál Ó Loċlainn
28ú Mí Meáin Fhómhair 2023 dáta a chéadfoíllsithe.
Sa Róimh doit
Is ea is mó go mbaineann sé seo le mic léinn idirnáisiúnta atá i mbun staidéir in Éirinn, is iad ag scrí i mBéarla.
Mar sin féin, baineann coda dhe le scríbhneoireacht i nGaelainn. Ní haon dochair é a léadh.
Ní foláir doit cleachtais ortaghrafacha na tíre ina bhfuilnn tú ag obair a ghnáthú id’ chuid scríbhneoireachta acadúil.
Le scríbhneoireacht acadúil in Éirinn is ea a bhaineann an treoir seo.
In Éiɼinn (⁊ i Sasana) dhoit
Más d’ institiúid, d’eagras nú d’fhoíllseachán Éireannach athánn tú ag scrí (i mBéarla):
- Scrígh Béarla na hÉireann.
- Is ionann é seo agus Béarla Shasana, déanta na fírinne.
Is tú ag scrí d’institiúid, d’eagras nú d’fhoíllseachán Sasanach:
- Scrígh Béarla Shasana, gan dabht
NB: Is minic a bhíonn rialacha ag irisleabhair acadúla i dtaobh litrithe, púncaíochta, foclóra ⁊ɼl — stíl tí.
Litɼiú
Na gnáth-rudaí:
- colour seochas color
- neighbour seochas neighbor
- plough seochas plow
- foetas seochas fetas
- ⁊ɼl…
Má bhuaileann amhras tu, ceadaigh foclóir Bhéarla Shasana.
Foclóiɼ ⁊ gɼamadach
Na gnáth-rudaí:
- anti-clockwise seochas counter-clocwise
- autumn seochas fall
- biscuit seochas cookie
- scone seochas biscuit
- it was broadcast seochas it was broadcasted
- ground floor seochas first floor
- the maths seochas the math
- methylated spirits seochas denatured alcahol
- ⁊ɼl…
Púncaíocht
Níl i litriú ⁊ foclóir ach cuid den gcúram.
Ní foláir doit an phúncaíocht chuí d’úsáid leis:
- “ uaschamaí dúbaltha inbheartaithe ” seochas « an guillemet dúbaltha »
- ‘ uaschamaí single inbheartaithe ’ seochas ‹ an guillemet singil ›
- Níl aon áit do chamaí dúbalthe „íseal-ard” sa Ghaelainn ná sa Bhéarla…
- …ná do chamaí single ’nea’dhísithe’.
Uimhɼeacha
Tá sain-phúncaíocht ag baint leis an nodaireacht uimhriúil.
In Éirinn (⁊ i Sasana):
- 1½ = 1.5
- 1½ ≠ 1,5
- 8¾ = 8.75
- 8¾ ≠ 8,75
- ⁊ɼl…
Ó dheire na 1960dí i leith, in Éirinn (⁊ i Sasana):
- one billion = 1,000,000,000
- one billion ≠ 1,000,000,000,000
- Mar sin féin, 1,000,000,000 = one milliard i gcónaí!
Am ⁊ dátaí
- 4th January 2023 seochas January 4th 2023
- 04/01/23 = 4ú Mí Eanair 2023
- 01/04/23 = 1d Mí Abaráin 2023
- An Luan an chéad lá den tseachtain
- Period ;-)
—ize
I mBéarla na hÉireann (⁊ Shasana), ní Meiriceánachas é an deire ‘—ize’, cé gur comónta ar fad é ‘—ise’.